Skip to content

An Leabhar

Sa leabhar seo tá seacht n-amhrán nua-chumtha do pháistí (3-11bl) atá spraoiúil ach ag an am chéanna oideachasiúil. Preabann caractéir an amhráin amach as achan leathannach..

Seo an chéad preableabhar a rinneadh i nÉirinnagus an chead leabhar a bhfuil uirlis ceoil tógtha istigh ann – preabann casú amach as láimh Chaitlín agus is féidir ceol isteach ann. Féach an dóigh leis an chasú a sheinm anseo!

In sa ré fón póca seo ina bhfuil muid beo, seo dóigh mhaith le hamhráin agus damhsaí a theagasc do pháistí agus spreagfaidh sé iad lena gcuid samhlaíochta féin a úsáid.

Físeáin & Gluaiseachtaí

físeáin a théann le gach amhrán sa leabhar le feiceáil ar an suíomh seo agus ar YouTube. Chomh maith le seo, tá físeáin ina dtaispéanann páistí as Gaeltacht Thír Chonaill an dóigh le na gluaiseachtaí a dhéanamh. Tá na gluaiseachtaí breá simplí agus piocfadh páistí suas iad go furast.

Na Físeáin & na hAmhráin

Cliceáil ar na hamhráin le na físeáin a fheiceáil

Nuair a bheas mé mór

Preabann Uachtarán na hÉireann é féin amach as Áras an Uachtaráin le fáilte a chuir romhainn.

An Crogall

Tá drogall ar An Chrogall agus ní stadann sé a ithe.

Damhsa na gCearc

Rugann cearc ubh mhór bhuí fhad agus tá na páistí ag foghlaim Damhsa na gCearc.

An Earagail

Ní thig le a dheath a theacht as Dún na nGall muna bhfuil an Earagail luaite agus sa leabhar seo tá iolar mór ag eitilt thart fán Earagail!

Caitlín Nic Giolla Casú

Preabann casú, uirlis cheoil a dtig leat a sheinm, amach le Caitlín Níc Giolla Casú. Ceol isteach sa chasú agus dhéanfaidh sé fuaim!

Ag Rámhaícht

Preabann currach agus rámhaí aníos in Ag Rámhaíocht ach coimhéad tú féin ar an foghla mara!

An Píobaire Mór

Brúann An Píobaire Mór mála na bpíob agus é ag seinm cois teallaigh.