Skip to content

Preasráiteas


14 Deireadh Fómhair 2023
Dhéanfaidh Róise Ní Bhaoill an preableabhar ‘Preab sa Cheol’ le Doimnic Mac Giolla
Bhríde a sheolfadh in Amharclann Ghaoth Dobhair, 3pm Dé Sathairn, 21 Deireadh Fómhair.
Seo an chead preableabhar a rinneadh ariamh i nÉirinn.

Ba é Doimnic Mac Giolla Bhríde, an ceoltóir sean-nóis as Gaoth Dobhair a chum na seacht n-amhrán sa leabhar seo agus ceolann páistí as Gaeltacht Thír Chonaill iad sna físeáin ata le fáil ag
www.preabsaleabhar.ie. Ba Doimnic a rinne an t-innealtóireacht paipéir agus Caomhán Ó Scolaí a bhí mar dhearthóir graifice.

Ag preabadh amach as an leabhar tig seacht gcarachtar a bhfuil spraoi, ealaíon agus greann
ag baint leo. Tá crogall ann a bhfuil drogall air, tá foghla mara ag rámhaíocht amach go dtí
na Trí Mic Ó gCorra ann, tá cearc bhocht cnapshúileach ann agus tá cailín bheag cheolmhar
ann a sheinneann ceol ó mhaidin go h-oíche ann. Preabann casú (kazoo) amach as a láimh
agus thig leat seinm isteach ina casú – dhéanann sé fuaim.

Comh maith le seo uilig, tá gluaiseachtaí damhsa ann a théann le cúig amhrán agus thig lena páistí iad a fhoghlaim go furast ó na físeáin atá thuas ar www.preabsacheol.ie
Dhéanann na páistí a cheolann na hamhráin na gluaiseachtaí a mhíniú i bhfíseáin agus dhéanann siad iad a dhamhsa go spraoiúil i bhfíseáin eile. Sa dóigh sin, tá sé furast agmúinteoirí agus páistí na gluaiseachtaí agus na amhráin a fhoghlaim.
Is leabhar faoi léith an leabhar seo, sa mhéid agus go mbainfidh páistí, tuismitheoirí agus múinteoirí sult as. Is achmhainn mhaith é do scoileanna agus naíscoileanna agus dóigh spraoiúil é le amhráin agus gluaiseachtaí damhsa a fhoghlaim.

Tá aistriúcháin Bhéarla i gcúl an leabhair agus thig le daoine nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu sult a bhaint as chomh maith agus leoga cuidiú leo feabhas a chuir ar a gcuid Gaeilge!
Tá na físeáin cheoil le fáil ar www.preabsacheol.ie chomh maith le eolas eile.
Tuilleadh eolais ag ceol@doimnic.com nó 0879851258
Críoch