Skip to content

Preab sa Cheol, An Seó

Tá seó páistí ‘Preab sa Cheol’ le fáil chomh maith a bheadh foirstineach do scoileanna, ionaid cultúrtha, féiltí srl.

Tá amhráin, damhsa, geaitsaíocht agus tomhasanna lárnach sa seó.

Tá 3 charachtar sa seó, Suzanne Ní Ghallachóir aka Cabóg an phortaigh (amhránaí, láithreoir), Doimnic Mac Giolla Bhríde aka Bodach na gcós cam (bocsa, píb, amhránaí) & Niall Ó Haicéid aka Bodach an chóta daite (basucaí, maindilín).


Tá na h-amhráin sa seó bunaithe ar;

Rámhaíocht ar an úrlár
Damhsa na gcearc
An crogall a bhfuil drogall air
An post a bhéas agam nuair a bhéas mé mór
Caitlín a sheineann casú
An píobaire mór
An Earagail mhór
Bogadaí cósúil le frogannaí
Na rudaí a dhéanann Cití Cat
Na fuaimeanna a ní na h-ainmhithe uilig.

Tá damhsa beag le achan amhrán.

Tá tomhaiseanna iontach cliste ag Suzanne do na páistí cliste uilig fosta!

Cuir an Seó in áirithe ag ceol@doimnic.com nó 0879851258